Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
‘Glórtha Ciotacha’ - Ag Samhlú Domhan Úr - sraith dátheangach Ghlór na Móna le haíonna iomráiteacha a bhfuil saineolas acu sa stair, sa pholaitíocht, san fhealsúnacht, sa tsochtheangeolaíocht agus araile | ‘Awkward Voices’ - Imagining a New World - Glór na Móna’s bilingual podcast with prominent activists, writers and academics covering history, politics, philosophy, sociology, sociolinguistics, health and environment.
Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
Matt Lundy (1959-2023)
Use Left/Right to seek, Home/End to jump to start or end. Hold shift to jump forward or backward.
Seo eagrán ar leith in ómós do Matt Lundy atá imithe ar shlí na fírinne. Rinneadh an t-agallamh seo le Matt in 2019 mar chuid den togra oidhreachta ‘Faoi Scáth an tSléibhe - Connecting People and Place in the Upper Springfield Area’. Rugadh agus tógadh Matt in Ard Eoin ansin Loiste na Móna agus gabhadh é agus é ina dhéagóir in 1976 agus chaith sé tréimhse shaoil i bpríosún na Céise, áit ar fhoghlaim sé Gaeilge sular scaoileadh saor é in 1990. Theagasc Matt Gaeilge sa phobal agus bhí sé bainte le forbairt pobail sa cheantar ó shin. Bhí sé i measc bunaitheoirí Naíscoil agus Gaelscoil na Móna in Loiste na Móna agus theagasc sé ranganna oíche le Glór na Móna ar feadh na mblianta. Suaimhneas síoraí air.
*This interview is available with English subtitles on Glór na Móna’s Youtube channel*